Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Foghlaim an chaoi chun rialaitheoir cluichíochta gan sreang a chruthú le do micro:bit agus le Scratch - agus tabhair bia do do dhineasár le hithe!

Conas a oibríonn sé
- Chun an cluiche a imirt, nasc do micro:bit le Scratch, ansin claon é chun an dineasár a bhogadh gur féidir leis greim a fháil ar an mbia agus é a ithe.
- Gach uair a mhothaíonn an dineasár taco, cuirtear 1 le hathróg na bpointí.
- Seachain na feithidí - má mhothaíonn tú iad baintear 1 ó athróg na bpointí.
- Úsáideann an ríomhchlár léamha ó ionchur méadar luasghéaraithe an micro:bit chun an treo a chlaontar é a bhrath.
- Ansin úsáideann sé rogha chun a shocrú cad a tharlóidh ina dhiaidh sin: má chlaonann tú é chun tosaigh bogfaidh sé sprid an dineasáir suas agus síos (sa Y-ais).
- Má chlaonann tú é ar dheis agus ar chlé bogfaidh sé an dineasár trasna an scáileáin san X-ais
- Seolann an clár do scór chuig an micro:bit freisin ionas go mbeidh sé le feiceáil ar a aschur taispeána LED.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit agus paca cadhnraí atá roghnach
- ríomhaire oiriúnach le nasc Scratch suiteáilte. Féach ar https://scratch.mit.edu/microbit le haghaidh sonraí faoin gcaoi le Scratch a chur ag obair le micro:bit
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Cuir scór buaite nó caillte leis chun an cluiche a chríochnú.
- Cuir níos mó feithidí nó bia nó dea-dhaoine agus drochdhaoine eile leis.
- Cuir leibhéil leis an gcluiche chun é a dhéanamh níos deacra agus tú ag dul chun cinn.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.