Skip to content

Gníomhaíocht

Péint scríobtha

Tosaitheoir | Scratch | Cnaipí, Méadar luasghéaraithe | Braiteoirí, Ionchur/aschur, Rogha

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Bain úsáid as do micro:bit chun ríomhchlár líníochta de chuid Scratch a rialú.

Scratch cat a bhfuil peann luaidhe thar bogha báistí

Conas a oibríonn sé

  • Baineann an ríomhchlár seo úsáid as méadar luasghéaraithe an micro:bit chun sprid an phinn luaidhe a threorú thart ar an scáileán, tarraingíonn sé líne de réir mar a bhogann sé.
  • Má chlaontar an micro:bit ar dheis nó ar chlé bogfaidh an peann ar dheis nó ar chlé san X-ais, trasna an scáileáin.
  • Má chlaontar an micro:bit siar agus aniar bogfaidh an peann suas agus anuas, sa Y-ais.
  • Má chlaonann tú go trasnánach é gheobhaidh tú línte trasnánacha.
  • Is féidir tiús na línte pinn a athrú le cnaipí ionchuir A agus B an micro:bit.
  • Croith é chun úsáid a bhaint as ionchur méadar luasghéaraithe an micro:bit leis an bpeann a ardú agus a ísliú, ionas gur féidir leat bogadh thart gan lorg a fhágáil.
  • Coimeádann an ríomhchlár taifead de sheasamh an phinn (cé acu atá sé ag díriú suas nó síos) trí úsáid a bhaint as athróg ar a dtugtar penUp. Taispeánann sé deilbhíní difriúla ar aschur scáileáin an micro:bit ionas go mbeidh a fhios agat an bhfuil an peann ag díriú suas nó síos.
líníocht shamplach

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit
  • ríomhaire oiriúnach le nasc Scratch íoslódáilte. Féach ar https://scratch.mit.edu/microbit le heolas a fháil faoin gcaoi le Scratch a chur ag obair le micro:bit.
  • paca cadhnraí atá roghnach

Céim 2: Códaigh é

Bloic chód scríobtha le haghaidh sprid peann luaidhe

Bloic chóid le haghaidh sprid peann luaidhe

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Cuir bealach leis chun rialú a dhéanamh ar cathain a athraíonn an dath.
  • Mionathraigh an ríomhchlár ionas go nglanfar an scáileán nuair a chroitear nó nuair a phreabtar an micro:bit.
  • Taispeáin tiús an pheann ar thaispeántas an micro:bit.