Céim 1: Déan é
Cad atá ann?
Imir an cluiche iontach seo le dhá micro:bit agus foghlaim faoi rogha, athróga agus uimhreacha randamacha ag an am céanna.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Is cluiche iontach idir beirt é 'cloch, páipéar, siosúr' atá bunaithe ar sheans. Croitheann tú féin agus do pháirtnéir bhur ndorn trí huaire agus ansin déanann sibh comhartha chun cloch, páipéar nó siosúr a léiriú go randamach. Sáraíonn cloch siosúr, sáraíonn siosúr páipéar agus sáraíonn páipéar cloch (clúdaíonn sé an chloch!).
- Nuair a bhraitheann méadar luasghéaraithe an micro:bit croitheadh, socraíonn sé uirlis na hathróige go huimhir randamach: 0, 1 nó 2.
- Úsáidimid 0 mar go dtosaíonn ríomhairí ag comhaireamh ag 0, agus is tábhachtach a chuimhniú gur uimhir í 0!
- Úsáideann an ríomhchlár rogha chun a roghnú cén íomhá le taispeáint ar scáileán an LED.
Más í 0 an uimhir randamach, taispeántar deilbhín de chloch, más í 1 an uimhir taispeántar an deilbhín páipéir. Murar 0 ná 1 í an uimhir, caithfidh gur 2 atá ann mar d'ordaíomar don micro:bit uimhir randamach a roghnú idir 0 agus 2, mar sin, sa chás sin taispeántar siosúr.
Cad a theastaíonn uait
- 2 micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- pacáistí ceallraí (roghnach)
- páirtnéir le himirt leo
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Tarraing do dheilbhíní féin le haghaidh 'chloch, páipéar, siosúr'.
- Smaoinigh ar uirlisí eile a thiocfadh a mhalartú le cloch, páipéar agus siosúr nó cum rialacha nua.
- Úsáid feidhm raidió an micro:bit chun cluiche a chruthú a mbíonn a fhios aige má bhuann tú nó má chailleann tú trí theagmháil a dhéanamh le micro:bit do charad.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.