Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Úsáid méadar luasghéaraithe agus gnéithe raidió an micro:bit chun fréamhshamhail de ghléas a chruthú le cabhrú le heolaithe béir bhána nó ainmhithe eile a rianú agus a fháil amach an chaoi a gcuireann athrú aeráide isteach orthu.
Is cuid de shraith é an tionscadal seo a cruthaíodh chun gníomhaíochtaí fadhbréitigh agus fréamhshamhlaithe a chur ar fáil, a dearadh chun an teicneolaíocht a fhiosrú mar réiteach ar dhúshláin na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe.
Intreoir
Treoir chódaithe
Cad a fhoghlaimeoidh tú
- An chaoi chun fréamhshamhail a chruthú do thionscadal níos mó
- An chaoi ar féidir cumarsáid raidió idir gléasanna leictreonacha a úsáid le haghaidh staidéar eolaíoch
Conas a oibríonn sé
- Úsáideann an ríomhchlár seo gné raidió an micro:bit chun fréamhshamhail a chruthú chun gluaiseachtaí ainmhí a rianú. Is féidir é a úsáid san ionsamhlóir MakeCode nó an cód a splancadh ar dhá micro:bit nó níos mó. Bheadh ceann ceangailte leis an ainmhí, bheadh an ceann eile in úsáid ag an eolaí mar ghlacadóir.
- Ar dtús, socraítear grúpa an raidió ag 7. Tá grúpaí mar a bheadh cainéil ann, mar sin, cinntigh go bhfuil do dhá micro:bit ag úsáid an ghrúpa chéanna.
- Má tá roinnt agaibh ag déanamh an tionscadail seo i mbeirteanna, déan cinnte go n-úsáideann gach beirt uimhir uathúil ghrúpa raidió.
Is féidir leat aon uimhir ghrúpa is mian leat a roghnú ó 0-255.
- Tógann sé léamha ón méadar luasghéaraithe agus tarchuireann sé iad trí raidió.
- Taispeánann an glacadóir léamha an mhéadair luasghéaraithe ar scáileán an LED. Ciallaíonn uimhreacha níos mó gur tapúla na gluaiseachtaí. Is féidir leat na huimhreacha seo a úsáid chun tuiscint a fháil ar iompar ainmhí, mar shampla má tá bia nó gnáthóg nua á lorg aige nó má tá sé ag fanacht in aon áit amháin.
Cad a theastaíonn uait
- 2 micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Tomhaiseann an ríomhchlár seo gluaiseacht sa Y-ais.
Is féidir le méadar luasghéaraithe an micro:bit fórsaí a thomhas i dtreonna eile, agus léamh foriomlán nirt a thabhairt freisin. Bain triail as tomhais aise éagsúla a úsáid chun a fháil amach cad iad na cinn is fearr a oibríonn. - Ag brath ar an ais a thomhaiseann tú agus ar an gcaoi a gceanglaíonn tú micro:bit an bhraiteora, d'fhéadfá léamha a thabhairt faoi deara fiú agus an t-ainmhí socair.
Is í domhantarraingt an chúis leis sin, agus is féidir leis an micro:bit í sin a thomhas freisin!
Conas a dhéanfá cinnte nach gcuireann sé seo isteach ar do chuid léamha? - Cad iad na braiteoirí eile ar an micro:bit a d'fhéadfá a úsáid chun sonraí faoi ainmhí a tharchur?

This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.