Skip to content

Gníomhaíocht

Ag cur na Spriocanna Domhanda i láthair

Blaiseadh de na Spriocanna Domhanda

Úsáid an treoir seo chun blaiseadh a thabhairt do dhaltaí de na Spriocanna Domhanda.

Cad iad na Spriocanna Domhanda?

Is gairm chun gnímh iad na Spriocanna Domhanda a chuir na tíortha ar fad le chéile chun rathúnas a chur chun cinn do gach duine agus an pláinéad á chosaint ag an am céanna.

Is bailiúchán de 17 sprioc idirnasctha iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) nó na Spriocanna Domhanda, le gníomhartha ar aontaigh gach ceann de na 193 tír chomhalta de na Náisiúin Aontaithe orthu in 2015.

Is é seo an comhaontú idirnáisiúnta is uaillmhianaí a rinneadh riamh, agus é ina aidhm aige deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an neamhionannas, an tsláinte a chosaint agus an t-athrú aeráide a chosc.

Físeán réamhráiteach

Míníonn an gearrscannán seo an chúis a bhfuil na Spriocanna Domhanda de dhíth orainn agus cad iad. Taispeáin an físeán seo do do dhaltaí, ansin bain triail as ceann de na gníomhaíochtaí thíos.

Is bealach iontach é an ríomhbheochan, a thug Malala Yousafzai isteach agus a scríobh Sir Ken Robinson, chun blaiseadh a thabhairt de na Spriocanna Domhanda.

Gníomhaíocht 1: sárchumhacht Spriocanna Domhanda!

Sa ghníomhaíocht seo fiosróidh na daltaí an chaoi a bhféadfaidís na Spriocanna a bhaint amach dá mba rud é go raibh sé de chumhacht acu aon rud a dhéanamh.

Aois 8-11, fad - 30 nóiméad

Úsáid plé grúpa iomlán agus obair i ngrúpaí beaga leis na Spriocanna a fhiosrú, tuiscint a fháil ar cad chuige a bhfuil siad ann, foghlaim faoi chuid de na tionchair agus de na dúshláin agus úsáid coincheap na sárchumhachtaí chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir le smaointe le haghaidh réitigh cur le hathrú dearfach. 

1. Plé grúpa

  • Tabhair blaiseadh den chúis a bhfuil na Spriocanna againn: 'cad, cé, agus cén fáth' agus tú ag úsáid an fhíseáin Réamhrá na Spriocanna.
  • Tabhair roinnt samplaí den tionchar a bhíonn ag ceann de dhúshláin na Spriocanna agus an chaoi ar féidir tionchar an dúshláin a athrú, mar shampla:

    • Nuair a chaitear plaisteach ar shiúl déantar truailliú ar ár n-aigéin agus maraítear an fiadhúlra, dá ndéanfadh muid athchúrsáil air ina ionad sin, chabhródh muid leis an aigéan a choinneáil glan agus níos lú d'acmhainn an Domhain a úsáid chun plaisteach nua a dhéanamh.
    • Nuair a úsáidimid carranna le haghaidh turais ghearra cruthaítear truailliú gan ghá, ina ionad sin, déan iarracht siúl nuair is féidir leat.
  • Tabhair blaiseadh den tasc a bhaineann le réiteach fadhbanna/réitigh a thabhairt. Le haghaidh na gníomhaíochta seo samhlóidh daltaí go bhfuil sárchumhachtaí acu a chabhróidh leo na dúshláin a bhaineann leis an Sprioc a réiteach, mar shampla:
    • An cumas an tAigéan Artach a reo nó chun speiceas crann a fhásann go han-ghasta a chruthú, nó meaisín ollmhór a chruthú chun aibhneacha agus aigéin a ghlanadh de dhramhaíl plaisteach.

2. Tasc do ghrúpaí beaga

Plé idir grúpaí beaga, ag roinnt agus ag caint faoina smaointe.

  • Iarr ar dhaltaí Sprioc a roghnú chun smaoineamh uirthi chomh maith le dúshlán a bhaineann leis an Sprioc sin, mar shampla:
    • Aeráid - Ní bhíonn geimhridh sa Phol Thuaidh fuar go leor agus ní reonn an tAigéan Artach agus scriostar gnáthóga ainmhithe.
    • Saol faoi uisce - Tá aigéin truaillithe le bruscar a mharaíonn ainmhithe agus a scriosann a ngnáthóga.
  • Is féidir le daltaí plé gairid a dhéanamh i ngrúpaí beaga ar an tsárchumhacht a roghnódh siad chun dul i ngleic leis an dúshlán sin.
  • Oibríonn na daltaí le chéile chun an Sprioc agus a réiteach ar shárchumhachtaí a chur in iúl ar leathanach amháin atá beartaithe le cur leis an ngailearaí ranga.

3. Aiseolas

  • Léireoidh beirt daltaí ó gach grúpa beag smaointe an ghrúpa don rang iomlán.
  • Baileofar na déantúis ar fad agus cuirfear iad ar taispeáint i ngailearaí ranga Spriocanna Domhanda.

Gníomhaíocht 2: Smaoinigh mar a bheadh Uachtarán ann!

Sa ghníomhaíocht seo pléifidh na daltaí an chúis a bhfuil Spriocanna Domhanda de dhíth orainn.

Aois 11-13, fad - 15 nóiméad

Taispeáin an cheist: ‘Cad iad na fadhbanna is mó atá os comhair daoine inár bpobal/tír/domhan?' (Cuir in oiriúint de réir mar is cuí).

Fiafraigh de na daltaí cad a cheapann siad faoin gceist seo.
Spreag iad le smaoineamh ó dhearcadh daoine eile -
"Smaoinigh mar a bheadh Uachtarán an Domhain ann!" Tabhair am do dhaltaí plé i mbeirteanna, ansin glac roinnt moltaí ón ghrúpa. Is féidir na moltaí sin a scríobh ar chlár bán ag an tosach.

Taispeáin greille na Spriocanna Domhanda do dhaltaí (tá sé ar fáil le híoslódáil ag bun na treorach seo). Déan comparáid idir a liosta fadhbanna agus na Spriocanna Domhanda. Cén Sprioc(anna) lena mbaineann a gcuid fadhbanna?

Má tá grúpa mór ann thiocfadh 17 ndalta a chur ina seasamh ag an tosach agus a ndroim leis an seomra. Coinneoidh gach dalta píosa páipéir le ceann de na Spriocanna Domhanda scríofa air. Nuair a mholfaidh duine éigin réiteach ar fhadhb a bhaineann lena Sprioc tiontóidh siad thart.

Gníomhaíocht 3: Na Spriocanna Domhanda a Cheangal leis an Saol Réadach

Sa ghníomhaíocht seo fiosróidh daltaí an chaoi a dtiocfadh leo cabhrú leis na Spriocanna a bhaint amach agus an chuma a bheadh ar an todhchaí.

Aois 8-13, fad - 30 nóiméad

1. Plé oscailte

5 nóiméad: Fiafraigh do dhaltaí: “Cén aois a bheidh tú in 2030?” Is é sin an sprioc-am leis na SDGanna a bhaint amach.

Iarr ar dhaltaí smaoineamh ina n-aonar agus ansin plé a dhéanamh i mbeirteanna: "Cad a bheidh tú a dhéanamh in 2030?
Cén post a d'fhéadfadh a bheith agat?
Cad ar mhaith leat staidéar a dhéanamh air? Conas a chaithfidh tú do chuid ama?"

2. Tabhair isteach na Spriocanna Domhanda

5 nóiméad: I ndiaidh am a chaitheamh á phlé, iarr ar dhaltaí eolas a roinnt leis an ngrúpa.

Taispeáin greille na Spriocanna Domhanda (tá sé ar fáil le híoslódáil ag bun na treorach seo), agus fiafraigh "Conas a d'fhéadfaimis nasc a chruthú idir do thodhchaí agus na Spriocanna Domhanda, dar leat? Cad iad na gnéithe de do thodhchaí a bhainfeadh leis na Spriocanna Domhanda? M.sh. Dá mba rud é go raibh dalta ag iarraidh a bheith ina mhúinteoir chabhródh sin le Sprioc 4 a bhaint amach. Dá mba rud é go raibh dalta ag iarraidh a bheith ina innealtóir bheadh baint aige sin le Sprioc 11.

3. Ag dearadh tíre Spriocanna Domhanda

10 nóiméad: Mínigh do dhaltaí go gcruthóidh sibh tír Sprioc Dhomhanda. Tarraingeoidh gach grúpa a n-íomhá féin den chuma a bheadh ar a dtír in 2030 má bhaintear na Spriocanna amach. Iarr ar an rang plé a dhéanamh ina ngrúpaí ar an gceist "Cad a bheidh de dhíth ar do thír chun aire a thabhairt dá daonra, dá comhshaol agus dá hacmhainní nádúrtha?
M.sh. scoileanna, ospidéil, foinsí uisce, córais bhainistithe dramhaíola, bóithre sábháilte."

Tabhair píosa mór páipéir do na daltaí chun a dtír a dhearadh. Cinntigh go bhfuil eangach Spriocanna Domhanda ag gach grúpa ionas gur féidir le daltaí tír a dhearadh a bhfuil na háiseanna agus an bonneagar aici atá riachtanach chun gach Sprioc a bhaint amach. Má tá roinnt grúpaí ann, is féidir na tíortha seo a chur le chéile mar mhór-roinn!

4. Aiseolas agus plé

10 nóiméad: Tar éis do ghrúpaí tamall a chaitheamh ag obair ar a ndearadh, tabhair na daltaí ar ais le chéile. Tabhair am dóibh lena dtír a thaispeáint don chuid eile den ghrúpa agus ansin iarr ar dhaltaí aiseolas a thabhairt.

Smaoinigh ar na Spriocanna a baineadh amach, agus cad a ndearnadh dearmad air. Mar shampla:

  • Cad ina dtír Spriocanna Domhanda a chuireann sláinte agus folláine chun cinn?
  • Cén chaoi a gcinnteofar go bhfuil tír á dearadh acu ina bhfreastalófar ar gach duine?
  • Cén chaoi a gcinnteoidh siad go ndéanfar an dúlra a chosaint?

Cuimhnigh nach bhfuil seo éasca agus nach bhfuil aon fhreagra foirfe ann! Spreag na daltaí le ceisteanna a chur agus machnamh a dhéanamh ar na dea-rudaí a rinne siad chomh maith leis na rudaí a d'fhéadfaidís a fheabhsú.

Tabhair roinnt ama do na daltaí chun a dtíortha a athrú agus roinnt feabhsuithe a dhéanamh. Ansin beidh sé in am a gcuid oibre a thaispeáint agus a cheiliúradh!
Má tá roinnt tíortha ann is féidir leat iad a chur le chéile chun mór-roinn a dhéanamh, nó fiú pláinéad iomlán!

Íoslódáil greille na Spriocanna Domhanda anseo



World's Largest Lesson

The activities are created by World's Largest Lesson