Skip to content

Gníomhaíocht

Imthacaí compáis

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Cnaipí, Compás | Braiteoirí, Compás a úsáid, Ionchur/aschur, Maighnéadas

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Athraigh do micro:bit ina chompás beag a thaispeánann a threo maighnéadach ó thuaidh ina chéimeanna.

micro:bit ag taispeáint léamh uimhriúil 0 céim agus compás ag díriú ó thuaidh.

Conas a oibríonn sé

  • braiteoir compáis ionsuite ag do micro:bit ar a dtugtar maighnéadaiméadar. Is féidir é a úsáid chun réimse maighnéadach an Domhain a thomhas agus is féidir é a úsáid mar chompás.
  • Nuair a úsáideann tú compás an micro:bit den chéad uair is gá duit é a chalabrú - beidh cluiche beag ar an scáileán agus beidh ort an micro:bit a chlaonadh leis na LEDanna a chasadh ar siúl, ansin beidh tú réidh le tosú.
  • Nuair a bhrúnn tú ionchur chnaipe A, glacann an micro:bit léamh ó bhraiteoir an chompáis agus taispeánann sé treo-uillinn chompáis uimhriúil an ghléis ar aschur scáileáin an LED. Dírigh an micro:bit ó thuaidh agus ba chóir go bhfeicfeá léamh de 0 céim.
rós compáis ag taispeáint uillinneacha do gach aird, Tuaisceart, Deisceart, Oirdheisceart srl

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • pláinéad ar a bhfuil poil mhaighnéadacha chun seasamh orthu - mar shampla, an Domhan!

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2compass.calibrate()
3
4while True:
5    if button_a.was_pressed():
6        display.scroll(str(compass.heading()))

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Cuir cnaipe eile leis chun an compás a chalabrú arís.
  • Socraigh an micro:bit go ndéanfaidh sé fuaim agus é ag díriú i dtreo ar leith - seans go mbeadh sé sin úsáideach chun cabhrú le nascleanúint nuair nach féidir leat breathnú ar scáileán nó do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu.
  • Socraigh an micro:bit go dtaispeánfar na litreacha nó na saigheada agus iad ag díriú i dtreo an Tuaiscirt, an Deiscirt, an Oirthir nó an Iarthair.