Skip to content

Gníomhaíocht

Leibhéal spiorad

Idirmheánach | MakeCode, Python | Fuaim, Méadar luasghéaraithe, Scáileán LED | Braiteoirí, Oibritheoirí coibhneasta, Rogha, loighic Boole

Céim 1: Déan é

Cad atá ann?

Cruthaigh uirlis chun a chinntiú go bhfuil pictiúir, seilfeanna nó dromchlaí oibre leibhéalta. Le callaire ionsuite an micro:bit nua, bíonn sé níos fusa leachtleibhéal a fheabhsú le haisfhotha fuaime.

Intreoir

Treoir chódaithe

Cad a fhoghlaimeoidh tú

  • Conas an braiteoir luasghéaraithe a úsáid chun uillinneacha a thomhas
  • Cad is brí le 'claonadh' agus 'rolladh'?
  • An chaoi chun léamha braiteora a thabhairt le chéile in dhá thoise chun dromchla leibhéalta a aimsiú

Conas a oibríonn sé

léaráid a thaispeánann claonadh agus rolladh ar an micro:bit
  • Is féidir le méadar luasghéaraithe an micro:bit claonadh uillinneacha a thomhas in dhá threo: suas agus síos (claonadh) agus ó thaobh go taobh (rolladh). Úsáideann an tionscadal seo é sin chun a thaispeáint go bhfuil an micro:bit leibhéalta ar scáileán an LED agus cruthaíonn sé fuaim, thiocfadh leis sin a bheith úsáideach agus pictiúir á chrochadh agat nó dromchla oibre á dhéanamh agat.
  • Coinníonn lúb an ríomhchlár ag tomhas uillinn an micro:bit i rith an ama.
  • Má thomhaiseann an méadar luasghéaraithe claonadh uillinne idir +5 agus -5 céim don chlaonadh agus don rolladh, caithfidh go bhfuil an micro:bit réasúnta leibhéalta. Ansin, taispeánann sé tic ar aschur scáileáin an LED agus seinntear ton ceoil.
  • Chun an ton a chloisteáil ceangail cluasáin nó callaire le pionna 0 agus GND, nó má tá micro:bit nua agat, cloisfidh tú é ar an gcallaire ionsuite.
  • Má tá ceachtar an claonadh an rolladh lasmuigh den raon +5 go -5 chéim, taispeánann sé cros ar scáileán an LED agus stopann sé an fhuaim.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import music
3
4# Uses accelerometer readings in the x and y axis 
5# and also allows the micro:bit to be slightly off-level
6# to make it work better in practice
7while True:
8    if accelerometer.get_x() > -10 and accelerometer.get_x() < 10 and accelerometer.get_y() > -10 and accelerometer.get_y() < 10:
9        display.show(Image.YES)
10        music.play('C5:1')
11        sleep(200)
12    else:
13        display.show(Image.NO)
14

Céim 3: Feabhsaigh é

  • An féidir leat tabhairt ar an tuinairde athrú ag brath ar an uillinn?
  • An bhféadfá 'bolgán' LED a chódú a bhogann thart ar an scáileán mar a bheadh leachtleibhéal fíor ann?