Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Déan uirlis cheoil mistéireach a rialaíonn tú trí do lámh a shnámh.

Conas a oibríonn sé
- Uirlis cheoil is ea theremin a dhéanann fuaimeanna mistéireach nuair a bhogann tú do lámha in aice leis.
- Ritheann an ríomhchlár i lúb shíoraí (forever) chun léamha a ghlacadh i rith an ama ó mhéadar luasghéaraithe an micro:bit.
- Tomhaiseann sé an uillinn ag a gclaonann tú é chun tosaigh agus ar gcúl: mar is mó a bhíonn uillinn an chlaonta, is ea is airde a bheidh an fhuaim.
- Faigh tuilleadh eolais faoi theremins anseo: https://en.wikipedia.org/wiki/Theremin
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit agus paca cadhnraí atá roghnach
- ríomhaire oiriúnach le nasc Scratch íoslódáilte. Féach ar https://scratch.mit.edu/microbit le haghaidh sonraí faoin gcaoi le Scratch a chur ag obair le micro:bit
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Bain triail as fuaimeanna uirlise difriúla.
- Taifead do chuid fuaimeanna féin agus úsáid iad in áit.
- Úsáid uillinn an chlaonta ar dheis agus ar chlé chun an fhuaim a rialú, ar nós 'theremin' fíor.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.