Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Athchruthaigh bréagán mór le rá ó na 1950idí le do micro:bit agus cuir é in oiriúint duit féin.

Conas a oibríonn sé
- Is bréagán é 'magic 8-ball' a cumadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1950idí. Tá sé cosúil le liathróid púil níos mó. Is féidir leat ceist a chur, m.sh. 'an mbeidh mé saibhir agus clúiteach lá éigin?', ansin is féidir an liathróid a chroitheadh agus tiocfaidh freagra amháin aníos go randamach i bhfuinneog ó na 20 freagra difriúla. Is féidir leis na freagraí a bheith dearfach, diúltach - nó áit éigin idir eatarthu.
- Athchruthaíonn an ríomhchlár seo liathróid Magic 8 le luasmhéadair an micro:bit , a cumas uimhreacha randamacha a dhéanamh agus a taispeáint LED < Aschur chun tic a thaispeáint do tá, cros e haghaidh níl nó aghaidh ‘meh’ le haghaidh ‘níl mé cinnte’.
- Gineann an ríomhchlár seo uimhir randamach idir 1 agus 3 ansin úsáideann sé ráiteas 'if… then… else… if…' chun siombailí difriúla a thaispeáint ag brath ar an uimhir. Tugtar rogha air seo.
- Más é 3 an uimhir, taispeánann sé tic le haghaidh ‘tá’. Más é 2 an uimhir, taispeánann sé cros le haghaidh ‘níl’.
- Ní chaithfidh an ríomhchlár seo seiceáil más í 1 an uimhir, mar murar 3 ná 2 í, caithfidh gur 1 atá inti, agus sa chás sin taispeántar straoiseog 'meh' le haghaidh 'níl mé cinnte'.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
- roinnt ceisteanna le cur ar do micro:bit
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Tabhair ar an íomhá imeacht as radharc tar éis cúpla soicind.
- Tabhair deis don micro:bit freagraí cripteacha éagsúla a thaispeáint nuair a chroitheann tú é, in ionad pictiúir. Thiocfadh leat é a shocrú go ndéarfaidh sé 'Níl mé cinnte' nó 'Feicfimid linn'.
- Is bealach eile é seo chun liathróid draíochtach 8 a chruthú ag úsáid Python.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.