Skip to content

Gníomhaíocht

Seo chugainn an ghrian

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Scáileán LED | Ionadaíocht

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cruthaigh do dheilbhín gréine féin le haghaidh do micro:bit.

micro:bit a thaispeánann scaladh gréine ar a scáileán LED

Conas a oibríonn sé

  • Tá a lán pictiúr ionsuite sa micro:bit, ach in amanna beidh tú ag iarraidh do chuid féin a chur leis.
  • Cruthaíonn an ríomhchlár seo íomhá den ghrian ag úsáid greille 5x5 de LEDanna an scáileáin micro:bit.
  • Úsáideann ríomhairí, fóin agus táibléid pictiúir bheaga chun nithe agus smaointe a léiriú trí phoncanna, nó trí phicteilíní, mar dheilbhíní nó mar straoiseoga.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • páipéar cearnaithe chun do dhearaí féin a tharraingt (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3while True:
4    display.show(Image(
5        "90909:"
6        "09990:"
7        "99999:"
8        "09990:"
9        "90909"))

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Tarraing do leagan féin den ghrian, nó de réalta nó den ghealach.
  • Tiocfaidh an ghrian ar an scáileán má bhrúnn tú cnaipe A, agus tiocfaidh an ghealach má bhrúnn tú cnaipe B.
  • Úsáid lúb chun tabhairt ar an ngrian caochadh nó éirí.
  • I Python, bain úsáid as raon uimhreacha (ní hamháin 9) chun a thaispeáint go bhfuil gathanna na gréine ag dul i laghad de réir mar a théann siad níos faide ón lár.