Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Croith do micro:bit chun uimhreacha randamacha a dhéanamh.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Cosúil leis an tionscadal Get silly úsáideann an clár seo luasmhéadar an micro:bit chun rud éigin a chur i gcrích nuair a chroitheann tú é.
- Nuair a chroitheann tú an micro:bit, roghnaíonn an ríomhchlár uimhir randamach idir 1 agus 6 agus taispeántar í ar scáileán an LED.
- Bíonn sé an-deacair ag ríomhairí uimhreacha iomlán randamach a roghnú mar gur innill iad a fheidhmíonn go beacht agus go rialta.
- Cruthaigh cairt taifid a léiríonn chomh minic agus a thagann gach uimhir aníos. An bhfuil na huimhreacha seo randamach i ndáiríre? Déan é a chur i gcomparáid le dísle fíor.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
- fíordhísle (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Taispeáin an uimhir ar feadh cúpla soicind, ansin glan scáileán an LED chun cadhnra a shábháil.
- Déan é a rolladh 2 dhísle. Is féidir leat uimhir randamach a roghnú idir 2 agus 12, nó is féidir dhá uimhir randamacha a roghnú idir 1 agus 6 agus iad a shuimiú le chéile.
- Bain triail as an dá mhodh agus déan comhaireamh ar cé chomh minic a tharlaíonn gach scór. An ndéanann sé difríocht? An mbíonn roinnt uimhreacha le feiceáil níos minice ná cinn eile?
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.