Skip to content

Gníomhaíocht

Croí ag bualadh

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Scáileán LED | Atriall, Beochan, Sraith

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cuir croí do micro:bit ag bualadh ag úsáid lúba chun beochan a chruthú.

Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:

Intreoir

Treoir chódaithe

Conas a oibríonn sé

  • Taispeánann an ríomhchlár croí ag bualadh ag úsáid dhá phictiúr ionsuite, croí mór agus croí beag, ar scáileán LED an micro:bit.
  • Cuirfidh na híomhánna difriúla, a léirítear ceann ar cheann, an chuma air go bhfuil bogadh ann: croí ag méadú agus ag laghdú.
  • Tar éis gach íomhá a thaispeáint, sosann an clár ar feadh leathshoicind (500 milleasoicind) sula dtaispeánann sé an chéad íomhá eile.
  • Coinnítear an beochan ar siúl go deo ag baint úsáide as lúb gan teorainn: déanann sé an seicheamh ina dtaispeántar an dá íomhá seo agus ina sosaítear iad go dtí go ndíphlugálann tú an micro:bit.
  • Is rud tábhachtach sa ríomhchlárú é úsáid a bhaint as lúba chun rudaí a choimeád ag dul: chruthaíomar ríomhbheochan a leanfaidh uirthi ag rith fad is a bhíonn cumhacht ag an micro:bit agus nach bhfuil ach méid beag cóid in úsáid inti. Tugtar athrá air seo freisin.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • pacáiste ceallraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3while True:
4    display.show(Image.HEART)
5    sleep(500)
6    display.show(Image.HEART_SMALL)
7    sleep(500)
8
9

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Tabhair ar an gcroí bualadh níos gaiste nó níos moille tríd an aga moille a athrú.
  • Bain triail as íomhánna ionsuite eile a bheochan cosúil leis an diamant nó an chearnóg bheag agus mhór.
  • Cruthaigh do bheochana féin ag baint úsáide as do dhearaí féin.