Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Las do micro:bit le croí - go díreach nuair a mhothaíonn tú é, áfach!
Intreoir
Treoir chódaithe
Cad a fhoghlaimeoidh tú
- An chaoi chun braiteoir lógó tadhaill an micro:bit nua a úsáid le teagmhais dhifriúla a spreagadh nuair a mhothaíonn tú é agus nuair a scaoileann tú leis.
Conas a oibríonn sé
- Lasfaidh an tionscadal seo scáileán an LED le deilbhín de chroí, ach stopfaidh sé má bhaineann tú do mhéar den lógó ag tosach an micro:bit nua.
- Is braiteoir tadhaill é an lógó órga a oibríonn cineál cosúil le scáileán tadhaill ar fhón póca, tomhaiseann sé athruithe beaga bídeacha i leictreachas. Tugtar braiteoir tadhaill toilleasach air sin freisin, mar úsáideann sé toisí toilleas leictreach chun feidhmiú.
- Cuirtear an bloc 'ar theagmháil leis an lógó' i ngníomh nuair a dhéanann tú teagmháil leis an lógó den chéad uair.
- Braitheann an bloc 'nuair a scaoiltear an lógó' nuair a scaoileann tú an lógó agus glanann an clár an taispeáint.
- Ní spreagtar 'On logo touched' ach amháin nuair a mhothaíonn tú an lógó le do mhéar an chéad uair, murab ionann is an bloc 'on logo pressed' i dTionscadal an tsuaitheantais mhothúchán tadhaill, a spreagtar nuair a mhothaíonn tú agus nuair a scaoileann tú leis an lógó, á bhrú mar a bheadh cnaipe ann.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit nua le fuaim (nó insamhlóir MakeCode)
- Eagarthóir MakeCode
- paca cadhnraí (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Mionathraigh an ríomhchlár le deilbhíní difriúla, nó tarraing do chuid féin
- Cuir fuaim leis ionas go ndéanfaidh an micro:bit torann nuair a mhothaíonn tú é
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.