Skip to content

Gníomhaíocht

Teirmiméadar

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Braiteoir teochta, Cnaipí, Scáileán LED | Aimsir & aeráid, Braiteoirí, Ionchur/aschur, Teocht

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Taispeáin chomh te nó chomh fuar is atá do micro:bit ag baint úsáid as an mbraiteoir teochta ionsuite.

micro:bit ag taispeáint uimhir 9 in aice le deilbhín de theirmiméadar

Conas a oibríonn sé

  • Taispeánann an ríomhchlár seo cé chomh te nó fuar is atá do micro:bit trí léamh a thógáil ón mbraiteoir teochta ina phróiseálaí nó ina CPU (lárionad próiseála).
  • Is garmheastachán é teocht an phróiseálaí ar an teocht timpeall ort in °C (Celsius).
  • Sa ríomhchlár seo, nuair a bhrúnn tú cnaipe ionchur A, taispeánann an micro:bit teocht reatha an phróiseálaí ar aschur an scáileáin LED.
  • Tóg an micro:bit chuig áiteanna níos teo agus níos fuaire agus féach ar an gcaoi a n-athraíonn na léamha teochta.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • foinse téimh nó fuaraithe, mar shampla gaothrán, má tá tú ag iarraidh an teocht a fheiceáil ag athrú go tapa (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3while True:
4    if button_a.was_pressed():
5        display.scroll(temperature())
6

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Cuir an léamh i gcomparáid le teirmiméadar eile. Cé chomh beacht agus atá an micro:bit? An gcaithfidh tú léamh an micro:bit a mhionathrú chun teocht an aeir a fháil?
  • Athraigh an teocht go Fahrenheit nó go Ceilvin.
  • Úsáid raidió chun braiteoir cianda a chruthú a sheolann léamha teochta chuig micro:bit eile, mar shampla ón taobh amuigh go dtí an taobh istigh. Is féidir leat teirmiméadar laistigh / lasmuigh a dhéanamh ar an mbealach seo.