Skip to content

Gníomhaíocht

Compás fuaime

Idirmheánach | MakeCode, Python | Cnaipí, Compás, Fuaim, Scáileán LED | Athróga, Compás a úsáid, Oibritheoirí coibhneasta, Rogha

Céim 1: Déan é

Cad atá ann?

Cruthaigh compás a dhéanann fuaim agus tú ag díriú i dtreo an Tuaiscirt lena dhéanamh níos sothuigthe agus níos úsáidí.

Intreoir

Treoir chódaithe

Cad a fhoghlaimeoidh tú

  • An chaoi chun léamha compáis a úsáid ó bhraiteoir maighnéadaiméadair an micro:bit
  • An chaoi chun athróga, rogha, comparáid agus loighic a úsáid chun teagmhais a spreagadh nuair a thiteann léamha braiteora i réimse uimhreacha

Conas a oibríonn sé

  • Coinníonn lúb uirthi ag seiceáil an treo atú ag díriú. Stórálann sí sin in athróg ar a dtugtar treo.
  • Más idir 355 agus 5 chéim atá an treo, tá tú os comhair an Tuaiscirt agus mar sin taispeánann sé N ar an taispeáint LED agus déanann sé fuaim bípe.
  • Má tá micro:bit nua agat cloisfidh tú an fhuaim ar an gcallaire ionsuite, sin nó is féidir leat cluasáin a cheangal le pionna 0 agus GND.
  • Mura bhfuil tú ag díriú ó thuaidh glanann sé an scáileán agus stopann sé an fhuaim.
  • Is féidir leat cnaipe A a bhrú freisin chun léamh compáis a fheiceáil ar scáileán an LED mura bhfuil tú ag díriú ó thuaidh.
  • An chéad uair a úsáideann tú tionscadal compáis ar do micro:bit, seans go n-iarrfar ort cluiche beag a imirt. Claon an scáileán chun gach LED ar an taispeántas a lasadh. Calabraíonn seo an compás agus cinntíonn sé go bhfuil sé ag obair i gceart.
micro:bit agus rós an chompáis

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import music
3
4while True:
5    direction = compass.heading()
6    if direction < 5 or direction > 355:
7        display.show('N')
8        music.play("C4:1")
9    elif button_a.is_pressed():
10        display.scroll(direction)
11    else:
12        display.clear()
13        music.stop()
14

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Seinn nótaí difriúla ag brath ar an treo atá tú ag díriú: ó thuaidh, soir nó siar.
  • Cuir cnaipe eile leis chun an compás a chalabrú arís mura gceapann tú go bhfuil sé cruinn. I MakeCode gheobhaidh tú an bloc 'calibrú compáis' faoi Ionchur... tuilleadh. In Python úsáid compass.calibrate()