Skip to content

Gníomhaíocht

Aláram solais

Ardleibhéal | MakeCode, Python | Braiteoir solais, Fuaim, Raidió, Scáileán LED | Atriall, Braiteoirí, Cumarsáid, Fuineamh, Oibritheoirí coibhneasta, Rogha, Solas

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Aláram cianda a rialaítear le raidió ionas go mbeidh a fhios agat gur chas duine éigin an solas air - nó gur oscail siad tarraiceán nó mála.

micro:bit a thaispeánann straoiseog fheargach le tonnta raidió ag teacht amach aisti agus foinse sholais ag lonrú uirthi

Conas a oibríonn sé

  • Amhail Tionscadal an bhraiteora solais ghréine, úsáideann sé seo LEDanna an micro:bit mar bhraiteoir solais chun tomhas a dhéanamh ar an méid solais a lonraíonn ar an scáileán.
  • Trí lúb a úsáid, seolann ríomhchlár an bhraiteora teachtaireacht raidió gach 10 soicind chun a chur in iúl an bhfuil sé geal nó dorcha. Úsáideann sé rogha chun teachtaireacht 'lights on' a tharchur má bhíonn tomhas an tsolais níos mó ná (>) 50, agus 'lights off' má bhíonn sé níos lú ná (<) 50. Seans go mbeadh ort na luachanna sin a athrú ag brath ar choinníollacha an tsoilsithe san áit a bhfuil tú.
  • Trí bhrú ar chnaipe ionchur A taispeántar tomhas solais ar aschur scáileáin an LED agus cabhróidh sé sin leat d'aláram a shocrú, ionas gur féidir leat 50 a athrú chuig an uimhir is oiriúnaí do do thimpeallacht.
  • Gníomhaíonn ríomhchlár an aláraim nuair a fhaigheann sé teachtaireacht. Má tá an teachtaireacht cothrom le 'lights off' ansin glanann sé an taispeáint LED, ach má tá sé cothrom le 'soilse ar siúl'ansin taispeánann sé aghaidh feargach agus seinneann sé an t-aláram 'BADDY'fuaim.
  • Déan cinnte go n-úsáideann do bhraiteoir agus d'aláram an grúpa raidió céanna - aon uimhir idir 0 agus 255.

Cad a theastaíonn uait

  • 2 micro:bit, ar a laghad ceann amháin le paca cadhnraí
  • rud éigin luachmhar le coinneáil sábháilte
  • cluasáin, dordánaithe nó callairí cumhachtacha le haghaidh aláraim (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

Braiteoir / tarchuradóir:

1from microbit import *
2import radio
3radio.config(group=5)
4radio.on()
5
6while True:
7    if button_a.was_pressed():
8        display.scroll(display.read_light_level())
9    if display.read_light_level() > 50:
10        radio.send('lights on')
11    else:
12        radio.send('lights off')
13    sleep(10000)
14

Aláram / glacadóir:

1from microbit import *
2import music
3import radio
4radio.config(group=5)
5radio.on()
6
7while True:
8    message = radio.receive()
9    if message:
10        if message == 'lights off':
11            display.clear()
12        elif message == 'lights on':
13            display.show(Image.ANGRY)
14            music.play(music.BADDY)
15

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Úsáid é seo chomh maith le Tionscadal an chlaon-aláraim lena bhrath nuair atá rud éigin á bhogadh nó má chastar soilse ar siúl.
  • Tabhair ar an aláram oibriú an bealach eile ionas go múchann sé má chasann duine éigin na soilse as.
  • Oiriúnaigh é chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh: úsáid athróg chun cuntas a choinneáil ar líon na soicindí a fhágtar na soilse ar siúl nó tabhair ar an aláram bualadh má bhíonn siad ar siúl rófhada.