Skip to content

Gníomhaíocht

Lacha teileapórtála grúpa

Idirmheánach | MakeCode, Python | Méadar luasghéaraithe, Raidió | Cumarsáid, Tonnta raidió, loighic Boole

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cluiche grúpa ‘práta te’ ag baint úsáide as an raidió – ​​nó lacha te!

3 micro:bit, ceann acu á chroitheadh agus ag taispeáint lacha ar a scáileán LED

An chaoi a n-oibríonn sé

  • Cosúil leis an gcluiche Lacha teileaportáilte, úsáideann sé seo raidió chun ‘lacha’ a sheoladh tríd an aer idir micro:bit. Ní oibríonn an cluiche sin ach le beirt imreoirí de bhrí go seolann sé an teachtaireacht chéanna chuig gach duine - bheadh lacha ag gach duine tar éis tamaill agus bheadh aon duine ábalta ceann a chaitheamh.
  • Má tá níos mó ná beirt imreoirí ann, beidh bealach de dhíth ar gach micro:bit chun an t-imreoir a gheobhaidh an lacha a roghnú. Mar sin, tá uimhir aitheantais ar leith ag ríomhchlár gach imreora, a thosaíonn ag 1.
  • Stórálaimid seo in athróg ar a dtugtar ID, agus beidh ort é sin a athrú go 2,3,4 srl. le haghaidh gach imreora sula splancfar an ríomhchlár ar a micro:bit.
  • Socraigh athróg an imreora chuig an líon daoine lena chinntiú go mbeidh seans ag gach duine an lacha a fháil. Taispeánann an ríomhchlár seo uimhir aitheantais an imreora ar scáileán an LED ag an tús ionas go mbeidh a fhios agat cé a fuair cén uimhir.
  • Lena chinntiú nach féidir ach leis an imreoir a bhfuil an lacha aige í a chaitheamh, ní sheolann an ríomhchlár teachtaireacht ach amháin chroitheann tú é agus an lacha agat. Coinníonn sé súil air seo ag baint úsáide as athróg Booleánach ar a dtugtar hasDuck. Ní féidir ach dhá luach a bheith ag athróga Boole: Fíor nó Bréagach. Ag an tús, ní bhíonn an lacha ach ag imreoir a haon, ní féidir le haon duine eile í a chaitheamh.
  • Nuair a chroitheann imreoir a haon a micro:bit, gineann an ríomhchlár uimhir randamach idir a haon agus an líon imreoirí. Murab ionann an uimhir randamachagus a huimhir aitheantais féin, seolann sí an uimhir aitheantais nua trí raidió, glanann sé a scáileán agus socraíonn sé a hathróg hasDuck go Bréagach.
  • Má bhíonn an uimhir randamach cothrom le huimhir aitheantais imreoir a haon, beidh air an lacha a chaitheamh arís, ach tá sé sin níos fearr ná an lacha a sheoladh chuige féin - agus é a bheith ag dul ar iarraidh i hipearspás!
  • Má sheoltar uimhir chuig do micro:bit, seiceálann sé an bhfuil an uimhir cothrom le (má mheaitseálann sí) le d'uimhir aitheantais. Má bhíonn sí cothrom léi, comhghairdeas, tá an lacha agat anois! Feictear lacha ar do thaispeántas LED, agus socraítear d’athróg hasDuck go Fíor, rud a chiallaíonn gur féidir leat an lacha a chaitheamh chuig duine eile anois.
  • Bí cúramach agus tú ag caitheamh na lachan, cinntigh nach ligeann tú do do micro:bit titim nó nach mbuaileann tú cara agus tú ag imirt an chluiche.

Cad a theastaíonn uait

  • 3 micro:bit nó níos mó
  • Eagarthóir MakeCode nó Python
  • pacaí cadhnraí (roghnach)
  • grúpa daoine le himirt leo

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import radio
3import random
4
5radio.config(group=42)
6players = 3
7ID = 3
8display.show(ID)
9if ID == 1:
10    hasDuck = True
11else:
12    hasDuck = False
13radio.on()
14
15while True:
16    message = radio.receive()
17    if accelerometer.was_gesture('shake'):
18        if hasDuck:
19            sendTo = random.randint(1, players)
20            if sendTo != ID:
21                display.clear()
22                radio.send(str(sendTo))
23    if message:
24        if message == str(ID):
25            hasDuck = True
26            display.show(Image.DUCK)
27        else:
28            hasDuck = False
29    

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Athraigh an ríomhchlár chun rudaí eile a sheoladh in ionad lachan.
  • Faoi láthair, má roghnaíonn sé uimhir randamach atá mar an gcéanna le d'uimhir aitheantais, caithfidh tú é a chroitheadh arís. Mionathraigh an ríomhchlár ionas nach dtarlóidh sé sin arís. Seans go bhfuil níos mó ná bealach amháin ann chun é sin a dhéanamh.
  • Bíonn an lacha ag imreoir a haon i gcónaí ag tús an chluiche. An dtiocfadh leat an ríomhchlár a fheabhsú ionas go roghnófar an chéad imreoir leis an lacha go randamach? Cén chaoi a gcuirfeá é sin in iúl do micro:bit gach imreora?