Skip to content

Gníomhaíocht

Bí amadánach

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Méadar luasghéaraithe | Ionchur/aschur

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Méadaigh an réimse mothúchán is féidir leat a thaispeáint - léim suas agus síos chun a léiriú go bhfuil tú ag iarraidh pleidhcíocht!

micro:bit á chroitheadh agus ag taispeáint straoiseog amaideach ar a scáileán LED

Conas a oibríonn sé

  • Amhail Suaitheantas na mothúchán, taispeánann an ríomhchlár seo straoiseog shona agus bhrónach ag brath ar an gcnaipe ionchuir a roghnaíonn tú, A nó B.
  • Tá ionchuir eile ag an micro:bit, mar shampla braiteoirí.
  • Úsáideann an ríomhchlár seo ionchur méadair luasghéaraithe an micro:bit chun fórsaí a thomhas agus chun croitheadh a bhrath.
  • Nuair a mhothaíonn an méadar luasghéaraithe gluaiseacht tobann taispeánann an ríomhchlár an straoiseog amaideach ar aschur scáileáin an LED.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • roinnt fuinnimh le croitheadh, léim nó le bheith ag amadán

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3while True:
4    if button_a.is_pressed():
5        display.show(Image.HAPPY)
6    if button_b.is_pressed():
7        display.show(Image.SAD)
8    if accelerometer.was_gesture('shake'):
9        display.show(Image.SILLY)

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Úsáid íomhánna ionsuite difriúla de mhothúcháin cosúil le CUMA LIOM, TRÍNA CHÉILE nó FEARGACH.
  • Taispeáin mothúchán eile nuair a bhrúnn tú cnaipí A agus B le chéile.
  • Cuir mothúcháin nua leis ag baint úsáide as an taispeántas LED chun do phictiúir féin a tharraingt mar a rinneamar i Ainmhithe beoite.
  • Is féidir leis an méadar luasghéaraithe 'comharthaí' eile a bhrath mar shampla 'saorthitim' agus cé acu atá sé claonta ar dheis nó ar chlé - bain triail astu. Faigh tuilleadh eolais faoi chomharthaí in micro:bit Python anseo.