Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Ríomhchláraigh do micro:bit chun fonn cáiliúil a sheinm - nó ceann de d'fhoinn féin.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Ceangail cluasáin, nó callaire aimplithe le pionna 0 agus le GND ar do micro:bit chun fuaim a chloisteáil.
- Feidhmíonn pionna 0 mar aschur agus muid ag seinm ceoil ar an micro:bit.
- Úsáideann an ríomhchlár seo nótaí ceoil chun fonn cáiliúil ceol tíre ón bhFrainc a sheinm. Déanann ‘Frère Jacques’ athrá ar gach barra faoi dhó. Thiocfadh linn micro:bit a ríomhchlárú chun na nótaí céanna a sheinm arís, ach tá sé i bhfad níos éasca úsáid a bhaint as atriall (tugtar lúb air sin freisin). Úsáideann an ríomhchlár seo lúba a sheinneann gach barra faoi dhó ionas nach mbeidh ort na nótaí céanna a ríomhchlárú faoi dhó.
- Is cuid de smaointeoireacht ríomhaireachta í patrúin mar seo a aithint, bealach chun a chinntiú go bhfuil ríomhchláir chomh héifeachtúil agus is féidir, ag úsáid an méid is lú cód chun tasc a chur i gcrích - nó chun píosa ceoil a sheinm!

Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
- péire cluasán, buzzer nó callaire aimplithe
- dhá chlip crúb crogaill
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Déan é níos tapa nó níos moille tríd an luas a athrú.
- Críochnaigh an fonn iomlán. Is iad na nótaí breise a bheidh ag teastáil ná GAGFEC, CGC ach beidh ort an chéad cheithre nóta a sheinm ar feadh leathbhuille, ní buille amháin. Cuimhnigh lúba a úsáid chun do chód a dhéanamh níos éifeachtúla.
- Ríomhchláraigh foinn eile ag úsáid ceol scríofa nó cum do chuid féin.
- Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas a oibríonn ceol micro:bit i Python anseo.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.