Skip to content

Gnéithe: Raidió agus pionnaí

Gnéithe

Raidió agus pionnaí

Tóg ríomhchlárú do micro:bit chuig an gcéad leibhéal eile trí raidió agus pionnaí a úsáid

Raidió

Is féidir le do micro:bit cumarsáid gan sreang a dhéanamh le micro:bit eile ag úsáid raidió. Is bealach é an raidió chun teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil agus is féidir le micro:bit BBC tonnta raidió a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile.

Malartaigh rúin le cara ag baint úsáide as an raidió

Breathnaigh ar thionscadail raidió

Pionnaí

Ar an imeall ag bun do micro:bit BBC tá 25 stiall órga ann, ar a dtugtar pionnaí. Tugann na pionnaí sin deis duit a bheith an-chruthaitheach. Is féidir leat ciorcaid a chruthú, rudaí seachtracha ar nós dordánaithe agus mótar a cheangal leis agus do chuid tionscadal spraíúla féin a chruthú.