Skip to content

Gníomhaíocht

Gníomhú Aeráide

Sprioc 13

Réamhrá Sprioc 13 - Gníomhú ar son na hAeráide

Úsáid an treoir seo chun blaiseadh de Sprioc Dhomhanda 13, Gníomhú ar son na hAeráide a thabhairt do do dhaltaí.

Cad é Sprioc Dhomhanda 13?

Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 13: Tá Gníomhú ar son na hAeráide ar cheann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe in 2015. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na Spriocanna inár dtreoir.

Clúdaíonn Sprioc 13 réimse leathan saincheisteanna, lena n-áirítear an truailliú is cúis le hathrú aeráide a theorannú agus ár gcumas seasamh in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide a neartú, cosúil le stoirmeacha agus tuilte i gceantair áirithe agus triomaigh i gceantair eile.

Cad is athrú aeráide ann?

Áirítear leis an athrú aeráide an téamh domhanda atá á thiomáint ag astaíochtaí an duine ó gháis cheaptha teasa, agus na hathruithe ar phatrúin aimsire mar thoradh air sin. Cé go bhfuil athrú tagtha ar an aeráid ag amanna eile i stair an domhain, is í seo an chéad uair ar daoine is cúis leis an athrú.

Dar leis na Náisiúin Aontaithe, "Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar gach tír ar gach mór-roinn. Tá sé ag cur isteach ar gheilleagair náisiúnta agus ag dul i bhfeidhm ar shaol daoine. Tá patrúin aimsire ag athrú, tá leibhéil na farraige ag ardú, agus tá teagmhais aimsire ag éirí níos contúirtí."

Cé gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide, is féidir le daoine rudaí a dhéanamh ina saol féin chun é a chosc. Mar shampla, is féidir leat rothaíocht nó siúl in ionad tiomáint, bia a cheannach a fhástar go háitiúil in ionad thar lear agus úsáid a bhaint as fuinneamh na gréine. Cabhraíonn na rudaí sin go léir leis an truailliú is cúis le hathrú aeráide a laghdú.

Gníomhaíochtaí

Seo thíos roinnt smaointe chun cabhrú le Sprioc 13 a léiriú do do dhaltaí. Oibríonn siad mar ghníomhaíochtaí neamhspleácha nó i sraith mar phlean ceachta iomlán.

Gníomhaíocht 1: Gníomhaithe óga aeráide

Sa ghníomhaíocht seo foghlaimeoidh daltaí faoi ghníomhaithe agus faoin tionchar is féidir a bheith acu.

Fad - 15 nóim

Pléigh an cheist seo a leanas le do dhaltaí “Cad atá tábhachtach duitse?” B'fhéidir gur mhaith leat samplaí a roinnt ar dtús; m.sh. do dhaltaí, do scoil, do theaghlach srl.

Ansin roinn an focal Gníomhaí leis na daltaí. An bhfuil a fhios acu cad a chiallaíonn sé seo? Mínigh gur duine é Gníomhaí a labhraíonn faoi shaincheisteanna agus faoi fheachtais ar leith chun aird a tharraingt ar an gceist nó chun níos mó daoine a chur ar an eolas faoi.
An féidir leis na daltaí smaoineamh ar ghníomhaithe/fheachtais ar bith?

Cuir an físeán seo a leanas ar siúl do na daltaí.

  • Cad í an teachtaireacht atá ag na gníomhaithe aeráide?
  • Cad a cheapann tú faoin teachtaireacht sin?
  • Cad a d'fhéadfá a dhéanamh i do phobal féin?

Gníomhaíocht 2: Conas atá an Domhan ag athrú?

Sa ghníomhaíocht seo fiosróidh na daltaí an chaoi a bhfuil an Domhan ag athrú ag baint úsáid as íomhá imeacht ama Google Earth.

Fad - 15 nóiméad

1. Plé tosaigh

Caithfidh daltaí roinnt ama ag fiosrú na n-athruithe atá ag tarlú dár bpláinéad.
Tá go leor daoine ar fud an domhain ag tabhairt faoi deara go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar an áit a bhfuil cónaí orthu.

  • Cén chuma a bheadh ar éifeachtaí an athraithe aeráide in áiteanna éagsúla ar fud an domhain?
  • Cad faoin tír seo?
    Ar aithin daltaí aon éifeacht a bhíonn ag athrú aeráide i dtaca lena bpobal féin?

2. Google Earth Engine - féach ar athruithe ar an domhan

Taispeáin imeacht ama Google Earth Engine don rang: Féachaigí le chéile mar rang ar íomhá imeacht ama d'Oighearshruth Columbia ag Cúlú.

  • Cad a thugann na daltaí faoi deara?
  • Cén fáth a bhfuil seo ag tarlú?

Tabhair am chun é sin a phlé agus ansin iarr ar an rang dul go dtí íomhá imeacht ama Google Earth Engine arís agus roghnaigh Fairsingiú Cósta, Dubai, UAE ón nascleanúint ar thaobh na láimhe clé.

  • Cad iad na hathruithe is féidir leo a fheiceáil ag tarlú anseo?
  • Cén fáth a bhfuil seo ag tarlú?
    An athruithe nádúrtha iad nó an daoine is cúis leis?
  • Cad iad na hathruithe dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú m.sh., cruthú post, naisc iompair níos fearr, turasóireacht?
  • Cad iad na drochthionchair a d'fhéadfadh a bheith ag an bhfás seo ar an gcomhshaol?
    M.sh., ag úsáid acmhainní an domhain, athruithe ar éiceachóras an chósta, truailliú na bhfarraigí i gcruthú na n-oileán.
  • Cé acu de na SDGanna a bhféadfaí cur isteach orthu?

Má tá am fágtha, iarr ar na daltaí obair neamhspleách a dhéanamh trí íomhá imeacht ama eile a roghnú (ó thaobh na láimhe clé de shuíomh gréasáin íomhá imeacht ama Google Earth) chun é a fhiosrú.

Gníomhaíocht 3: Cén chaoi ar athraigh m'áit chónaithe?

Sa ghníomhaíocht seo déanfaidh daltaí iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil a n-áit chónaithe ag athrú ag úsáid íomhá imeacht ama Google Earth.

Fad - 15 nóim

Úsáid íomhá imeacht ama Google Earth Engine chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ar athraigh d'áit chónaithe ó 1984 go dtí 2018.

Clóscríobh ainm na cathrach is gaire duit isteach sa bharra cuardaigh.
Mura bhfuil íomhá imeacht ama ann don chathair is gaire duit, cuir isteach príomhchathair na tíre.

Féach ar íomhá imeacht ama chun a fheiceáil cén chaoi ar athraigh an chathair. Is féidir le daltaí é sin a úsáid mar threoir chun an cheist seo a leanas a fhreagairt:

  • Cad is féidir leat a fheiceáil? Conas a d'athraigh an chathair?
  • An bhfuil níos mó nó níos lú spásanna glasa i do chathair?
  • An bhfuil níos mó tithe ann?
  • An bhfuil níos mó bóithre agus tráchta ann?
  • Cén fáth a bhféadfadh na hathruithe seo tarlú?
  • An bhfeiceann tú aon buntáistí leis an gcaoi a bhfuil do chathair athraithe?
  • An gceapann tú go mbeidh aon fhadhbanna ann má leanann an chathair uirthi ag athrú ar an mbealach seo?
  • An léir duit gur cuireadh aon bheart i bhfeidhm i do chathair féin chun dul i ngleic leis an athrú aeráide?
    M.sh, lánaí rothaíochta chun truailliú gluaisteán a laghdú, boscaí bruscair athchúrsála, páirceanna taobh amuigh

World's Largest Lesson

The activities are created by World's Largest Lesson