Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Cruthaigh aláram a lasann agus a sheinneann ceol nuair a bhogtar do micro:bit.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Sa tionscadal seo, cruthóidh tú aláram a bhuaileann nuair a bhogann tú do micro:bit. D'fhéadfá a chur i bhfolach laistigh de nó ar bharr rud luachmhar, nó é a chur i mála agus a úsáid mar mheabhrúchán le seiceáil go bhfuil gach rud atá ag teastáil uait agat agus tú ag dul amach.
- Tá méadar luasghéaraithe a thomhaiseann fórsaí ag do micro:bit.
Braitheann an méadar luasghéaraithe comhartha de chroitheadh agus taispeánann sé patrún ar scáileán an LED. - Seinneann sé fonn foláirimh freisin. Chun an fonn a chloisteáil, bain úsáid as an insamhlóir MakeCode nó ceangail cluasáin le biorán 0 agus GND. Is féidir leat callaire aimplithe a úsáid freisin.
- Brúigh an cnaipe athshocraithe ag cúl do micro:bit chun an scáileán a ghlanadh agus é a shocrú le húsáid arís.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit
- Eagarthóir cóid ar líne MakeCode nó Python
- pacáiste ceallraí
- callaire agus fáiscíní crogaill (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Athraigh an deilbhín aghaidhe chuig do phictiúr féin agus tú ag baint úsáid as bloc 'show leds' in MakeCode nó an Treoir íomhá in Python.
- Athraigh an fonn chuig ceol a chum tú féin nó ceol is breá leat.
- Déan é níos íogaire ag úsáid léamha díreacha ón méadar luasghéaraithe in ionad an chomhartha croite.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.