Skip to content

Gníomhaíocht

Braiteoir neasachta

Ardleibhéal | MakeCode, Python | Raidió, Scáileán LED | Cumarsáid, Oibreoirí uimhríochta, Tonnta raidió

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Úsáid raidió lena bhrath chomh cóngarach agus atá micro:bit eile agus ansin cruthaigh cluiche tóraíocht taisce nó úsáid é go mbeidh a fhios ag daoine go bhfuil scaradh sábháilte sóisialta eatarthu.

Intreoir

Treoir chódaithe

Conas a oibríonn sé

  • Tá ar a laghad 2 micro:bit ag teastáil lena haghaidh seo. Cruthóimid dhá ríomhchlár dhifriúla, ceann acu don rabhchán a sheolann teachtaireacht raidió ísealchumhachta i rith an ama. Téann an ríomhchlár eile ar an nglacadóir.
  • Nuair a fhaigheann an glacadóir teachtaireacht ón rabhchán, stórálann sé a láidreacht in athróg ar a dtugtar comhartha agus taispeánann sé ar a scáileán LED é.
  • Éiríonn comharthaí raidió níos láidre agus tú níos cóngaraí don tarchuradóir, mar sin, má bhíonn an comhartha láidir is dócha go bhfuil an micro:bit eile cóngarach.
  • Má tá comhartha an raidió lag, is dócha go bhfuil an micro:bit eile níos faide ar shiúl.
  • Taispeánann sé barraghraf a éiríonn níos mó de réir mar a láidríonn an comhartha agus de réir mar a bhogann tú níos cóngaraí. Úsáideann sé an bloc léarscáileáinmatamaitice chun uimhreacha neart comhartha raidió a mhapáil ón raon -95 (lag) go -42 (láidir) go raon 0 go 9 ar féidir linn a úsáid chun graf barra a tharraingt.

Leagan Python

  • Níl graf barra ná feidhm léarscáile ionsuite i Python, mar sin oibríonn sé beagán difriúil. Casann na LEDanna ar fad ar siúl nuair a théann tú cóngarach don rabhchán, agus de réir mar a bhogann tú níos cóngaraí lonraíonn siad níos gile.
  • Glacann sé léamha cumhachta an raidió ag úsáid an ordaithe radio.receive_full(). Léiríonn seo an teachtaireacht, láidreacht an chomhartha agus stampa ama. Níor mhaith linne ach eolas a fháil ar láidreacht an chomhartha, mar sin, úsáidimid signal = message[1] chun é sin a asbhaint agus a stóráil in athróg ar a dtugtar comhartha.
  • Is féidir le láidreacht an chomhartha a bheith sa raon -98 (is laige) go -45 (is láidre), agus sainíonn ríomhchlár Python feidhm darb ainm mapáil chun uimhreacha sa raon seo a athrú chuig raon 0 - 9, a úsáidtear le gile na LEDanna a athrú: ciallaíonn 0 casta as, agus is é 9 an ghile is mó is féidir a bheith ag LED. (B’fhéidir gur mhaith leat an fheidhm seo a athúsáid i dtionscadail Python eile mar go n-oibríonn sé an-chosúil leis an mbloc léarscáil i MakeCode).
  • Cruthaíonn an ríomhchlár Python íomhá ghlan 5x5 ar a dtugtar light trí úsáid a bhaint as an ordú light = Image(5,5)
    Athraítear a ghile leis an ordú light.fill().

Cad a theastaíonn uait

  • 2 micro:bit agus pacaí cadhnraí
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

Tarchuradóir / rabhchán

1from microbit import *
2import radio
3radio.config(group=1, power=1)
4radio.on()
5
6while True:
7    radio.send('1')
8    sleep(200)
9

Glacadóir

1from microbit import *
2import radio
3radio.config(group=1)
4radio.on()
5light = Image(5,5) # create an empty image
6
7# function to map signal stength to LED brightness
8def map(value, fromMin, fromMax, toMin, toMax):
9    fromRange = fromMax - fromMin
10    toRange = toMax - toMin
11    valueScaled = float(value - fromMin) / float(fromRange)
12    return toMin + (valueScaled * toRange)
13
14while True:
15    message = radio.receive_full()
16    if message:
17        signal = message[1]
18        brightness = map(signal, -98, -44, 0, 9)
19        light.fill(round(brightness))
20        display.show(light)
21

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Ceangail an rabhchán agus cód an ghlacadóra ionas go mbeidh micro:bit amháin agat a dhéanann an dá thasc.
  • Cruthaigh bandaí rosta gur féidir leat do bhraiteoirí neasachta a chaitheamh.
  • Cé chomh láidir agus atá an comhartha agus tú méadar nó dhá mhéadar ar shiúl? Mionathraigh an cód chun aláram amhairc nó inchloiste a chur ag dul nuair a bhíonn duine róchóngarach.
  • Úsáid na ríomhchláir seo chun cluiche tóraíocht taisce a chruthú: cuir an rabhchán i bhfolach agus cuir cód an ghlacadóra ar a lán micro:bit
  • Má tá tú taobh amuigh nó má tá spás mór thart ort, bain triail as cumhacht an tarchuradóra a athrú. Is féidir leis a bheith mar aon uimhir ó 0 go 7