Skip to content

Gníomhaíocht

Déan roinnt torainn

Idirmheánach | MakeCode, Python | Fuaim, Pionnaí | Crua-earraí & bogearraí, Fuaim, Ionchur/aschur

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Ceangail cluasáin le do micro:bit agus cruthaigh ceol!

léaráid a thaispeánann barr phlocóid na gcluasán atá nasctha le pionna 0 micro:bit, agus an chuid fhada de phlocóid na gcluasán atá nasctha le GND ar micro:bit

Conas a oibríonn sé

  • Chun fuaimeanna a chruthú le micro:bit, ceangail cluasáin nó callaire.
    Greamaigh barr phlocóid na gcluasán le pionna 0 an micro:bit. Greamaigh an chuid fhada de phlocóid na gcluasán le pionna GND ar micro:bit.
  • Úsáid an tionscadal seo chun tabhairt ar do micro:bit ceann dá amhráin ionsuite a sheinm nuair a bhrúnn tú cnaipe A.
  • Úsáidtear na pionnaí órga ag bun an micro:bit mar ionchuir agus mar aschuir. Anseo úsáidimid pionna 0 mar aschur. Seolann an micro:bit bíoga de chomharthaí leictreacha ó phionna 0 nuair a sheinneann sé an fonn. Is gá go mbeadh na cluasáin ceangailte le pionna GND ar an micro:bit freisin chun an ciorcad leictreach a dhúnadh.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • péire cluasán, dordánaí nó callaire aimplithe
  • dhá chábla fáiscín crogaill

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import music
3
4while True:
5    if button_a.was_pressed():
6        music.play(music.NYAN)
7

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Bain triail as foinn dhifriúla mar shampla ODE, BLUES nó BIRTHDAY Is féidir leat teacht ar liosta den cheol ionsuite ar fad atá ar fáil in Python anseo.
  • Tabhair ar an gceol seinm níos mó ná uair amháin trí úsáid a bhaint as lúb.
  • Cad a tharlaíonn má cheanglaíonn tú pionna 0 leis an gcuid lár de phlocóid na gcluasán in ionad a bhairr?