Skip to content

Gníomhaíocht

Áiritheoir céimeanna ísealfhuinnimh

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Cnaipí, Méadar luasghéaraithe, Scáileán LED | Athróga, Braiteoirí, Corp an duine, Iolrú, Tomhas, Uirlisí feidhmíochta

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cruthaigh áiritheoir céimeanna a bhfuil cadhnraí a mhaireann níos faide aige.

micro:bit a bhfuil scáileán glan aige atá ceangailte ar bhróg

Conas a oibríonn sé

  • Amhail Tionscadal an áiritheoir céimeanna úsáideann an ríomhchlár seo méadar luasghéaraithe chun céim a chomhaireamh gach uair a chroitear an micro:bit agus stórálann sé an líon iomlán in athróg darb ainm coiscéimeanna.
  • Bíonn níos mó fuinnimh de dhíth chun na soilse LED ar an micro:bit a choinneáil casta air. Sábhálann an ríomhchlár seo fuinneamh trí chomhaireamh na gcoiscéimeanna a thaispeáint go díreach nuair a bhrúnn tú cnaipe A.
  • Ciallaíonn sé sin go mairfidh na cadhnraí níos faide, go sábhálfar airgead, go gcruthófar níos lú dramhaíola agus go gcabhrófar leis an timpeallacht.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • Eagarthóir MakeCode nó Python
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • rud éigin chun an micro:bit a cheangal le do bhróg nó le do chos - sreangán, téip nó Velcro.

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2steps=0
3
4while True:
5    if accelerometer.was_gesture('shake'):
6        steps += 1
7    if button_a.is_pressed():
8        display.scroll(steps)

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Mionathraigh an ríomhchlár ionas go socraíonn cnaipe B an t-áiritheoir ar ais chuig 0.
  • Tomhais fad do choiscéime agus tabhair ar do micro:bit é sin a mhéadú faoin líon coiscéimeanna chun an fad a shiúil tú a ríomh.
  • Smaoinigh ar bhealaí chun tionscadail eile a oiriúnú go mairfidh na cadhnraí níos faide.