Skip to content

Gníomhaíocht

Líonta iascaireachta soilsithe

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Braiteoir solais, Fuaim, Scáileán LED | 14 Saol faoi uisce, Ionchur/aschur, Rogha

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Úsáid do micro:bit chun fréamhshamhail a chruthú de shoilse LEDanna ar féidir leis éisc, turtair agus éin nach bhfuil ag teastáil a stopadh ó bheith ag greamú in eangacha iascaireachta.

Is cuid de shraith é an tionscadal seo a cruthaíodh chun gníomhaíochtaí fadhbréitigh agus fréamhshamhlaithe a chur ar fáil, a dearadh chun an teicneolaíocht a fhiosrú mar réiteach ar dhúshláin na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe.

Intreoir

Treoir chódaithe

Cad a fhoghlaimeoidh tú

  • An chaoi chun fréamhshamhail a chruthú le haghaidh tionscadal níos mó
  • An chaoi a dtógann ríomhairí léamha ó ionchuir, agus a bpróiseálann siad sonraí chun aschuir dhifriúla a chruthú ag brath ar luach léamha braiteora

Conas a oibríonn sé

  • Is múnla oibre é fréamhshamhail a úsáidtear chun smaointe a thriail. Cuimhnigh do micro:bit a choinneáil ar shiúl ó fhíoruisce!
  • Úsáideann an ríomhchlár seo LEDanna an micro:bit mar bhraiteoir solais. Tugann sé ar an micro:bit na LEDanna a chasadh ar siúl nuair a bhíonn an solas faoi leibhéal áirithe (50).
  • Clúdaigh taispeáint LED do micro:bit, chun insamhalta a dhéanamh de bheith i ndoimhneacht na farraige, agus ba chóir go lasfadh sé suas.
  • Seans go mbeadh ort an uimhir 50 a athrú ag brath ar choinníollacha an tsoilsithe san áit a bhfuil tú. Más rud é go bhfuil sé ag lasadh suas ró-éasca, bain úsáid as uimhir níos lú.
  • Má tá callaire ceangailte agat, nó má tá tú ag úsáid an micro:bit nua le fuaim, cuireann sé amach fuaim bhíogach ardmhinicíochta le cabhrú le hainmhithe mara eile a choinneáil ar shiúl ó na heangacha.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • paca cadhnraí (roghnach)
  • gabhálas cainteora nó micro:bit nua le fuaim (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import music
3
4while True:
5    if display.read_light_level() < 50:
6        display.show(Image(
7        "99999:"
8        "99999:"
9        "99999:"
10        "99999:"
11        "99999"))
12        music.play("A5")
13    else:
14        display.clear()
15    sleep(1000)

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Athraigh patrún an LED go beochan de sholas cuisleach
  • Cruthaigh do chuid fuaimeanna féin chun créatúir nach mian leat a ghabháil a scanradh
  • Cuir raidió leis chun na soilse agus an fhuaim a rialú go cianda