Skip to content

Gníomhaíocht

Croí

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Scáileán LED | Ionchur/aschur

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Las do micro:bit le grá trí chroí a thaispeáint.

Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:

Intreoir

Treoir chódaithe

Conas a oibríonn sé

  • Is céad tionscadal iontach é seo chun a fhoghlaim an chaoi le do micro:bit a ríomhchlárú!
  • Nuair a aistrítear (splanctar) an ríomhchlár chuig do micro:bit, téann an próiseálaí trí na treoracha a thug tú dó céim ar chéim.
  • Taispeánann an ríomhchlár pictiúr de chroí ar aschur scáileáin an LED.
  • Fanann an croí ar an scáileán fad is atá cumhacht aige de bhrí nár thug tú aon treoir eile dó chun aon rud eile a thaispeáint.
  • Tá sraith d'íomhánna eile ionsuite sa micro:bit agus is féidir iad a úsáid i do thionscadail.
  • Cruthaítear pictiúir ar ríomhairí, fóin agus scáileáin táibléad ag úsáid poncanna ar a dtugtar ‘picteilíní’. Tá 25 phicteilín LED ag scáileán an micro:bit atá eagraithe i ngreille 5 x 5.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • MakeCode nó Python editor
  • Cábla USB má tá ríomhaire in úsáid agat
  • paca cadhnraí (má tá fón nó táibléad in úsáid).

Céim 2: Códaigh é

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Bain triail as pictiúir ionsuite eile a roghnú mar shampla SÁSTA, LACHA nó TAIBHSE.
  • An féidir leat níos mó ná íomhá amháin a thaispeáint?
  • Féach an féidir leat do phictiúir féin a chruthú trí bhreathnú ar na tionscadail eile thíos.