Skip to content

Gníomhaíocht

Méadar solais fuinnimh

Ardleibhéal | MakeCode, Python | Braiteoir solais, Cnaipí, Scáileán LED | 13 Aeráid, Athróga, Braiteoirí, Ionchur/aschur

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

An chéad tionscadal as trí cinn chun eolas a fháil ar úsáid fuinnimh i do theach nó i do scoil trí thomhas a dhéanamh ar an méid solais a úsáideann tú.

Cabhróidh an méadar solais seo leat a thomhas an chaoi a n-athraíonn leibhéil solais timpeall ort nuair a bhíonn soilse casta air agus as agus cabhróidh sé leat an áit is fearr a aimsiú chun an t-amadóir solais a chur sa chéad tionscadal eile.

Cad a fhoghlaimeoidh tú

  • An chaoi chun léamha a ghlacadh ó bhraiteoirí an micro:bit agus iad a stóráil in athróg ionas gur féidir leat féachaint ar an léamh céanna arís agus arís eile fiú tar éis do choinníollacha athrú

  • Aimsigh áiteanna chun sonraí iontaofa comhshaoil a thaifeadadh

Conas é a úsáid

  • Leis na soilse casta as, cuir do micro:bit san áit ar mhaith leat an léamh solais a ghlacadh, agus brúigh cnaipe A.

  • Bog an micro:bit ionas gur féidir leat a scáileán a fheiceáil go héasca, agus brúigh cnaipe B chun léamh an leibhéil solais a fheiceáil.
    Beidh sé seo ina uimhir idir 0 (dorcha) agus 255 (an solas is láidre is féidir leis an micro:bit a thomhas).
  • Is féidir leat B a bhrú arís mura bhfuil tú cinnte faoin léamh.
  • Cas na soilse air agus déan tomhas eile trí chnaipe A a bhrú arís, ansin brúigh cnaipe B chun an uimhir a léamh.
  • Aimsigh áit ina bhfuil difear mór idir na léamha agus na soilse casta air agus as. B'fhearr a bheith ar shiúl ó fhuinneog ina bhféadfadh solas an lae teacht isteach, agus níos gaire don fhoinse solais leictrigh.
    Bheadh cófra oiriúnach, má tá soilsiú leictreach aige.
  • Tóg cúpla léamh agus faigh meán na léamha nuair a bhíonn an solas casta air.
    Beidh an uimhir seo de dhíth don chéad tionscadal eile, Amadóir an fhuinnimh sholais.

Conas a oibríonn sé

  • Úsáideann an ríomhchlár athróg ar a dtugtar léamh chun leibhéal an tsolais a stóráil.
    Socraíonn sé é seo ag an tús agus nuair a bhrúnn tú cnaipe A.
  • Is smaoineamh maith é léamh an bhraiteora solais a stóráil in athróg, seachas é a thaispeáint láithreach bonn, toisc go gciallaíonn sé sin gur féidir leat féachaint ar an léamh arís agus arís eile.
  • Trí úsáid a bhaint as athróg, is féidir leat freisin léamh solais a ghlacadh in áit a bhféadfadh sé a bheith deacair an scáileán a fheiceáil agus is féidir leat féachaint ar thomhas an tsolais in áit níos áisiúla.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • Eagarthóir MakeCode nó Python
  • pacáiste ceallraí (molta)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3display.show('M')
4reading = display.read_light_level()
5sleep(100)
6
7while True:
8    if button_a.was_pressed():
9        # take a light measurement and store it
10        reading = display.read_light_level()
11        display.show(Image.DIAMOND_SMALL)
12        sleep(400)
13        display.show(Image.DIAMOND)
14        sleep(400+500)
15        display.show('M')
16
17    elif button_b.was_pressed():
18        # display the stored light measurement
19        display.clear()
20        display.scroll(reading)
21        sleep(500)
22        display.show('M')
23

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Athraigh an cód chun léamh meánach a ríomh duit féin.
  • Cuir dara micro:bit agus feidhmiúlacht raidió leis chun go bhféadfar leibhéil solais a léamh go cianda.
  • Má tá rochtain agat ar mhéadar solais a thomhaiseann leibhéil solais in aonaid eile, déan comparáid idir léamha an micro:bit agus na cinn eile.

  • Úsáid léamha an mhéadair solais chun amadóir a chruthú leis an bhfad a fhágtar soilse ar siúl a thomhas.