Skip to content

Gníomhaíocht

Soilse dioscó

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Micreafón, Scáileán LED | Ionchur/aschur

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cruthaigh do thaispeántas soilse dioscó féin leis an micro:bit nua! Bíonn na soilse LED ag buille i dteannta an cheoil a phiocann an micreafón ionsuite suas. Mar is airde an fhuaim, is ea is gile a lonraíonn siad.

Réamhrá

Treoir chódaithe

Cad a fhoghlaimeoidh tú

  • Conas braiteoir micreafóin ionsuite an micro:bit nua a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar cé chomh hard is atá fuaim
  • Conas gile aschur an taispeántais LED a athrú mar fhreagairt ar léamha ionchuir braiteora

Conas a oibríonn sé

  • Tomhaiseann an micreafón airde na fuaime a chloiseann sé mar uimhreacha idir 0-255. 0 an fhuaim is ísle, 255 an fhuaim is airde.
  • Bíonn na soilse LED go léir ar an taispeáint lasta nuair a thosaíonn an clár.
  • Is féidir gile na LEDanna a shocrú freisin ag úsáid uimhreacha ó 0-255. Is é 0 an rud is dorcha (casta as) agus is é 255 an rud is gile.
  • Socraíonn lúb gile na LEDanna i rith an ama chun teacht leis an méid fuaime a chloiseann braiteoir an mhicreafóin.
  • Dá airde an fhuaim, is gile a lonraíonn na soilse LED.
  • Splanc an ríomhchlár seo chuig micro:bit nua le fuaim, seinn roinnt ceoil ina bhfuil buille láidir agus féach ar na soilse ag preabadh in am leis an gceol!

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit nua le fuaim (nó insamhlóir MakeCode)
  • Eagarthóir MakeCode nó Python
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2
3lights = Image("11111:"
4              "11111:"
5              "11111:"
6              "11111:"
7              "11111")
8
9while True:
10    display.show(lights * microphone.sound_level())

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Mionathraigh an ríomhchlár chun d'íomhánna nó do phatrúin féin a úsáid
  • Má tá tú i rang nó i ngrúpa, splanc an ríomhchlár chuig cúpla micro:bit, ísligh na soilse, seinn roinnt ceoil agus cruthaigh taispeántas soilse!
  • An féidir leat na soilse a dhéanamh níos dorcha le fuaimeanna níos airde?