Skip to content

Gníomhaíocht

Roghnóir gníomhaíochta

Tosaitheoir | MakeCode, Python | Cnaipí, Scáileán LED | Athróga, Randamú, Rogha

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

An bhfuil sé deacair ort a shocrú cad le déanamh? Lig don ríomhchlár micro:bit seo roghnú duit!

Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:

Intreoir

Treoir chódaithe

Conas a oibríonn sé

  • Trí chnaipe A a bhrú tugtar ar an micro:bit uimhir randamach idir 1 agus 6 a roghnú.
  • Stórálann sé an uimhir in athróg ar a dtugtar uimhir_randamach.
  • Scrúdaíonn an ríomhchlár an uimhir randamach ag úsáid rogha. Ag brath ar an uimhir, taispeántar gníomhaíochtaí éagsúla.
  • Ní dhéantar scrúdú ar leith más í 6 an uimhir randamach - cén fáth sin?

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • Eagarthóir MakeCode
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import random
3
4while True:
5    if button_a.is_pressed():
6        random_number = random.randint(1, 6)
7        if random_number == 1:
8            display.scroll('PE with Joe')
9        elif random_number == 2:
10            display.scroll('watch a movie')
11        elif random_number == 3:
12            display.scroll('play a board game')
13        elif random_number == 4:
14            display.scroll('tidy our rooms')
15        elif random_number == 5:
16            display.scroll('play a card game')
17        else:
18            display.scroll('learn a song')

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Oiriúnaigh é trí do ghníomhaíochtaí féin a chur isteach sa chód.
  • Cuir níos mó gníomhaíochtaí leis.
  • Cén chaoi a laghdófá an seans go n-iarrfaidh sé ort do sheomra a ghlanadh?