Buaicphointí 2019
Thug páistí ar fud an domhain faoi dhúshlán micro:bit in 2018/19. Faigh tuilleadh eolais faoi na buaiteoirí ó gach réigiún.
An Afraic
Is múinteoir TFC a thaispeáin an micro:bit do Joseph den chéad uair agus ina dhiaidh sin, dhear sé monatóir sláinte do pháistí scoile le caitheamh agus bhuaigh sé an chéad áit. Bhain a mhonatóir úsáid as an micro:bit chun breoiteacht a bhrath go tapa i leanaí ionas go bhféadfadh siad cóireáil phras a fháil agus an iomarca scoile a sheachaint!

An Áise & an tAigéan Ciúin
Dhear Foireann Fairtheoirí Dramhaíl Bhia ó Shingeapór monatóir chun fadhb na dramhaíola bia a réiteach ina scoil.
Chruthaigh siad gléas ag baint úsáid as an micro:bit, braiteoir agus scáileán chun an méid bia a chaitear isteach i mboscaí bruscair a mheá.
Chuir an scoil an gléas Faire Dramhaíola Bia i bhfeidhm agus chabhraigh sé le dramhaíl bia a laghdú i gcaintín na scoile. Bhí deis acu fiú a ngléas a léiriú do Lee Hsien Loong, Príomh-Aire Shingeapór.

An Eoraip
Chruthaigh foireann Veliki sa Chróit an 'spine:bit' chun drochstaidiúir a chosc agus chun cabhrú le cruit a sheachaint de bhrí go raibh athair a gcairde ag fulaingt le pianta ina dhroim.
Úsáideadh méadar luasghéaraithe an micro:bit agus LEDanna ina dtionscnamh mar ghiuirléid inchaite.

An Meánoirthear
Chruthaigh Zayd 'Dr Robot' chun cabhrú le páistí a bhfuil asma orthu, go háirithe in áiteanna cosúil leis an Araib Shádach áit ar féidir le stoirmeacha deannaigh a bheith ina gcúis le taomanna asma go minic.
Bhí roinnt micro:bit, braiteoir deannaigh, braiteoir tadhaill, braiteoir achair, servoanna agus mótair sa róbat. Cuireann sé tuismitheoirí ar an eolas faoi shláinte a bpáistí agus meabhraíonn sé do pháistí a gcógas a thógáil in am!

Meiriceá Thuaidh
Chruthaigh Elizabeth córas slándála réasúnta saor don bhaile ar an ábhar gur bheag nár robáladh teach a cairde. Splancann an t-aláram, a rinneadh leis an micro:bit agus le stiall de LEDanna, splancann sé dearg, bán, agus gorm mar a bheadh soilse póilíní ann. Ó ghlac sí páirt sa dúshlán, ceapann Elizabeth gur mhaith léi a bheith ag obair do Apple nó do Google amach anseo!

Meiriceá Laidineach
Dhear Kathellen, ón mBrasaíl, réiteach chun cabhrú leis an abhainn áitiúil a choinneáil glan tar éis di a thabhairt faoi deara go raibh daoine ag caitheamh go leor bruscair isteach inti.
Chruthaigh sí 'Buoy:bit' ag úsáid an micro:bit, solas LED agus baoi cúir. Úsáideann Buoy:bit méadar luasghéaraithe an micro:bit chun caitheamh bruscair amach san uisce a bhrath agus tugtar foláireamh leis sin a chur in iúl do dhaoine.
