Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Úsáid cúpla micro:bit chun cluiche fisiciúil tóraíocht taisce a chruthú ag úsáid cumarsáid raidió.

Conas a oibríonn sé
- Amhail Tionscadal rabhcháin an bhuille croí, úsáideann seo dhá ríomhchlár dhifriúla, ceann chun comhartha raidió a tharchur, agus ceann eile chun na comharthaí a fháil.
- Splanc ríomhchlár an rabhcháin (tarchuradóir) chuig micro:bit difriúla, ag cinntiú go n-athraíonn tú an uimhir san athróg comhartha aitheantais ionas go mbeidh gach ceann difriúil. Taispeánann na rabhcháin a gcomhartha aitheantais ar feadh seal gairid ar an scáileán ionas go mbeidh a fhios agat cé acu atá ann. Cuir pacaí cadhnraí leis agus ansin folaigh na rabhcháin a tharchuireann uimhir a gcomharthaí aitheantais gach 200 milleasoicind (0.2 soicind).
- Splanc cód an ghlacadóra chuig na micro:bits do na tóraithe taisce. Is féidir leis an ríomhchlár seo a bheith mar an gcéanna do na glacadóirí uile. Nuair a fheiceann tú rabhchán, taispeánfaidh an glacadóir uimhir an chomhartha aitheantais atá á chraoladh aige. Caochfaidh an scáileán agus tú níos faide ar shiúl agus éireoidh sé socair de réir mar a bhogfaidh tú níos cóngaraí.
- Cruthaigh do rialacha féin don chluiche – breac síos na huimhreacha agus an áit ar aimsigh tú iad, nó bailigh rabhcháin fhisiciúla an micro:bit. Buafaidh an fhoireann leis an méid is mó.
Cad a theastaíonn uait
- Roinnt micro:bits agus pacaí cadhnraí
- MakeCode nó Python editor
- spás réasúnta mór le rabhcháin a cheilt ann – d’fhéadfadh sé a bheith istigh nó amuigh faoin aer
Céim 2: Códaigh é
Rabhchán / tarchuradóir
Glacadóir
Céim 3: Feabhsaigh é
- Athraigh cumhacht an tarchuradóra chun spás níos mó nó níos lú a chlúdach. Is féidir leis an gcumhacht a bheith in aon uimhir ó 0 go 7.
- Laghdaigh cumhacht na rabhchán freisin ionas go mbeidh sé níos deacra iad a aimsiú - bí cúramach nach bhfágann tú aon micro:bit díreach isteach i gcoimeádán miotail, ach má chuireann tú ceann i mbosca cairtchláir nó plaisteach agus má chlúdaíonn tú an taobh amuigh den bhosca le scragall stáin, mar shampla, ní ghluaisfidh na comharthaí raidió chomh fada céanna.
- Úsáidtear níos mó cumhachta agus comharthaí raidió á tharchur, mar sin, thiocfadh leat cur le fad chadhnraí na rabhchán tríd an aga moille idir tarchur a mhéadú níos mó ná 200 milleasoicind.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.