Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Cuir léiriú eile le tionscadal an tsuaitheantais mhothúchán ag baint úsáid as braiteoir lógó tadhaill mar chnaipe breise
Intreoir
Treoir chódaithe
Cad a fhoghlaimeoidh tú
- Conas a ghlacann ríomhairí ionchuir, a phróiseálann siad iad ag baint úsáide as cód agus a chruthaíonn siad aschuir éagsúla
- Conas lógó tadhaill an micro:bit nua a úsáid mar ionchur cnaipe chun aschuir a spreagadh
Conas a oibríonn sé
- Braitheann an ríomhchlár seo má bhrúnn tú cnaipe A agus taispeánann sé deilbhín d'aghaidh shona ar aschur an scáileáin LED.
- Braitheann sé má bhrúnn tú cnaipe B agus taispeánann sé aghaidh bhrónach ar scáileán an LED.
- Má mhothaíonn tú an lógó órga ag tosach an micro:bit nua, braitheann an ríomhchlár do mhéar agus taispeánann sé aghaidh iontais ar na LEDanna.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit nua le fuaim (nó insamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Athraigh na deilbhíní a thaispeántar, nó tarraing do chuid féin chun mothúcháin dhifriúla a léiriú.
- Cruthaigh sraith bheoite d’aghaidheanna nuair a bhrúnn tú gach cnaipe.
- Cuir fuaimeanna difriúla leis a oireann do gach mothúchán.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.