Skip to content

Gníomhaíocht

Eagar gníomhaíochta

Idirmheánach | MakeCode, Python | Cnaipí, Scáileán LED | Athróga, Randamú, Struchtúir sonraí

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

An bhfuil sé deacair ort a shocrú cad le déanamh? Úsáid eagair chun ríomhchlár micro:bit a chruthú a dhéanfaidh roghanna duit!

micro:bit le deilbhíní de ghníomhaíochtaí éagsúla

Conas a oibríonn sé

  • Stórálann do micro:bit na gníomhaíochtaí féideartha agat i liosta (nó in eagar) ar a dtugtar 'roghanna'. Is bealaí an-úsáideacha iad na heagair chun sonraí a stóráil i liostaí.
  • Nuair a bhrúnn tú cnaipe A, roghnaíonn sé mír ón liosta go randamach agus taispeánann sé í ar scáileán an LED.
  • Trí eagar a úsáid, bíonn sé an-éasca an cód a athrú chun níos mó roghanna a chur leis an liosta.
  • De bhrí go dtomhaiseann an cód fad an eagair, ní bhíonn ort, in am ar bith, cód na huimhreach randamaí a athrú, is féidir leat go díreach rudaí a chur leis an liosta agus rudaí a bhaint de.
  • Roghnaíonn sé uimhir randamach agus stórálann sé í in athróg ar a dtugtar 'rogha'. Beidh an uimhir idir 0 agus uimhir amháin níos lú ná fad an eagair mar is ó 0 de ghnáth a thosaíonn ríomhairí ag comhaireamh míreanna in eagair. Is é 'PE le Joe' mír uimhir 0 sa liosta, is é an mhír dheireanach 'bácáil cáca' mír uimhir 5, ach tá 6 mhír san eagar.

Cad a theastaíonn uait

  • micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
  • Eagarthóir MakeCode
  • paca cadhnraí (roghnach)

Céim 2: Códaigh é

1from microbit import *
2import random
3
4options = ['PE with Joe', 
5           'watch a movie',
6           'play a board game',
7           'tidy our rooms',
8           'learn a song',
9           'bake a cake']
10
11while True:
12    if button_a.is_pressed():
13        choice = random.randint(0, len(options)-1)
14        display.scroll(options[choice])

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Déan é a shaincheapadh trí do ghníomhaíochtaí féin a chur sa chód.
  • Cén chaoi a bhféadfá a dhéanamh níos dóichí go roghnófá do ghníomhaíocht is fearr leat?
  • Bain triail as an ríomhchlár céanna a scríobh in Python.